Bunscoil Phobal Feirste
As Dúchas Dóchas

Comhairle na nDaltaí / Student Council

16-Feabhra-17
Comhairle na nDaltaí / Student Council

Bunreacht

Leanann an téarma oifige ar feadh scoilbhliana amháin. Toghfar beirt ionadaí ó gach rang ó rang 4 go dtí rang 7.

Ról

Tá Comhairle na nDaltaí ann chun smaointí na ndaltaí a chur faoi bhráid na bainistíochta, le dul i gcomhairle leo sula gcuirtear polasaithe nua i bhfeidhm má bhíonn sin feiliúnach, chun atmaisféar, coinníollacha agus áiseanna na scoile a fheabhsú agus chun dea-chaidreamh a dhéanamh idir dhaltaí, an fhoireann agus an bhainistíocht.

Próiseas Toghcháin

Tosaíonn an próiseas le foirm iarratas a líonadh. Bíonn ar na páistí sliocht a scríobh fá na buanna s’acu. Ó na hiarratais déanfar gearrliostú ag an mhúinteoir ranga. Toghtar beirt as gach rang a fuair an líon is mó vótaí.

Múinteoir Idirchaidrimh

Téann Séamus/Áine go dtí na cruinnithe agus bíonn siad mar nasc idir an fhoireann agus an Chomhairle. Is féidir leo labhairt ach níl vóta acu, is foinse eolais iad. Tabharfaidh siad comhairle agus tacaíocht don Chomhairle agus a gcuid oibre a dhéanamh acu. Is féidir leis an múinteoir idirchaidrimh múinteoir ionadaíochta a roghnú ina áit.

Cruinnithe

Beifear ag súil go bhfreastalódh gach ball den Chomhairle ar na cruinnithe ar fad lena chinntiú go mbeidh guth ag an rang s’acu.

IMG_8662.JPG

Events
Feabh
14 2020
Leath lae ag críochnú ar a 12
Feabh
17 2020
Sos leath-théarma
Már
16 2020
Scoil druidte
Aib
09 2020
Leath lae ag críochnú ar a 11
19-Noll-2019
Nuachtlitir na Nollag 2019 Christmas Newsletter 2019
05-Samh-2019
Imeachtaí & Dátaí Tábhachtacha amach anseo Important Dates & Events coming up for your Diary
05-Samh-2019
Comhghairdeas le Rang 7! Bhí an bua acu i dTráth na gCeist Choláiste Feirste ar na mallaibh!
05-Samh-2019
Comhghairdeas le hAoife Fitzsimmons a bhain rás tras-tíre na nGaelscoileanna!
Contact Us
 
 
 
Contact
Bunscoil Phobal Feirste
11 Páirc Rosgoill
Bóthar Seoighe
Béal Feirste
BT11 9QS

028 90 301598

Download the iClass App for iOS
Download the iClass App for Android
Location
© 2020 Bunscoil Phobal Feirste