Plean Forbartha Scoile na nDaltaí-déanta ag Comhairle na nDaltaí
Our Student council School Development Plan in poster format (below)as seen in the Children and Young People's Strategy 2019-2029
Bunreacht
Leanann an téarma oifige ar feadh scoilbhliana amháin. Toghfar beirt ionadaí ó gach rang ó rang 4 go dtí rang 7.
Ról
Tá Comhairle na nDaltaí ann chun smaointí na ndaltaí a chur faoi bhráid na bainistíochta, le dul i gcomhairle leo sula gcuirtear polasaithe nua i bhfeidhm má bhíonn sin feiliúnach, chun atmaisféar, coinníollacha agus áiseanna na scoile a fheabhsú agus chun dea-chaidreamh a dhéanamh idir dhaltaí, an fhoireann agus an bhainistíocht.
Próiseas Toghcháin
Tosaíonn an próiseas le foirm iarratas a líonadh. Bíonn ar na páistí sliocht a scríobh fá na buanna s’acu. Ó na hiarratais déanfar gearrliostú ag an mhúinteoir ranga. Toghtar beirt as gach rang a fuair an líon is mó vótaí.
Múinteoir Idirchaidrimh
Téann Séamus/Áine go dtí na cruinnithe agus bíonn siad mar nasc idir an fhoireann agus an Chomhairle. Is féidir leo labhairt ach níl vóta acu, is foinse eolais iad. Tabharfaidh siad comhairle agus tacaíocht don Chomhairle agus a gcuid oibre a dhéanamh acu. Is féidir leis an múinteoir idirchaidrimh múinteoir ionadaíochta a roghnú ina áit.
Cruinnithe
Beifear ag súil go bhfreastalódh gach ball den Chomhairle ar na cruinnithe ar fad lena chinntiú go mbeidh guth ag an rang s’acu.
Our student council conducted interviews with some of our school founder members and held a special assembly in their honour- see link below
http://meoneile.ie/pobal/i-dtreo-an-leath-chead-i-mbunscoil-phobal-feirste